Back to song list Previous song The Galway Shawl Next song The Garden Where the Praties Grow GÁRDAI 'N RÍ (The King's Own Guards) Rachaidh mise suas le Gárdaí 'n Rí Agus bhéarfaidh mis' anuas ar láimh liom í Nach mise chuirfeadh cluain ar a báin-chnios mín Agus bhéarfadidh mé go Tuaifín í grá mo chroí Tógaigí suas ar ghruaidh-mhín an iomair' í Lasadh ina gruaidh agus buaidh gach duine léi 'Ghiolla 'tá gan gruaim a chuirfeadh cluain ar an iomataí Nach é mo scéal truaighe mar luaidheadh mise leat Níl mise tinn agus níl mé slán Is ró-mhór m'osna is ní fhéadaim a rá Nuair a smuaintím ar an uair úd a bhí mé is tú, 'ghrá Guala ar ghualainn agus lámh ar láimh Galar claoite 'choíche 'n grá 'S mairg ar a mbíonn sé oíche ná lá Gidh gur cruaidh 'n rud a' snaidhm 's nach scaoiltear é go bráth O is, a chomrádaí díleas, go dté tú slán 138/319, 821 characters