Back to song list Previous song The Minstrel Boy Next song Cockles And Mussels (Molly Malone) MO GHILE MEAR Seal da rabhas im' mhaighdean shéimh 'S anois im' bhaintreach chaite thréith Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is i n-imigcéin 'Sé mo laoch, mo Ghile Mear 'Sé mo Chaesar, Ghile Mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear Bímse buan ar buaidhirt gach ló Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór Mar scaoileadh uaim an buachaill beó 'S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón Ní labhrann cuach go suairc ar nóin Is níl guth gadhair i gcoillte cnó Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh Ó d'imthigh uaim an buachaill beó Marcach uasal uaibhreach óg Gas gan gruaim is suairce snódh Glac is luaimneach, luath i ngleo Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon Seinntear stair ar chlairsigh cheoil 's líontair táinte cárt ar bord Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan Ghile mear 'sa seal faoi chumha 's Eire go léir faoi chlócaibh dubha Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó luaidh i gcéin mo Ghile Mear 212/319, 1089 characters